Shiúladh siad ‘un Aifrinn ar an Chlochán Liath, ní thugtaí Comaoineach amach ag Aifreann an 11, ag an Aifreann luath ar a 9 a bhíodh Comaoineach le fáil. Bhíodh troscadh le déanamh ón oíche roimh ré. Théadh siad ag faoistin Dé Sathairn. Nuair a théadh na fir ag Comaoineach bhí sé ina chomhartha go raibh siad ag imeacht go hAlbain.